Graz – cathair iltheangach agus ilchultúrtha

Sie sehen diese Seite über das multikulturelle und -sprachliche Graz auf Irisch.

Is fíorshuimiúil agus saibhir í stair Graz. Suite cois na habhann Mur agus faoi dhíon na scealga Schlossberg, bhí daoine á dtarraingt chun na háite seo ón aimsir réamhstairiúil ar aghaidh. Tochlaíodh déantáin ón gCoparaois le déanaí ann, fianaise gur tógadh an chéad lonnaíocht bhuan san áit timpeall na bliana 3000 R.Ch. Tá 292, 000 duine ina gcónaí i nGraz sa lá atá inniu ann, agus is í an dara chathair is mó san Ostair agus príomhchathair riaracháin an Styria í. Tá Graz faoi bhláth mar ionad tráchtála agus lárionad tionsclaíoch, le méid ollmhór gnólachtaí tábhachtacha suite ann. Is í Graz príomhchathair thairsí an Ostair go hoirdheisceart na hEorpa, réigiún a bhfuil os cionn 50 milliún duine ina gcónaí. Ina theannta sin, tá clú agus cáil ar chathair Graz as na deiseanna oiliúna den scoth atá ar fáil inti. Tá Graz ina cathair shábháilte, le ráta coireachta an-íseal; agus is ceantar cónaithe deas í freisin, a bhfuil córas sláinte agus córas leasa shóisialaigh den chéad scoth aici.

Fréamhacha Ilteangacha

Tagann an t-aimn Graz ón bhfocal ‘Gradec’ sa tSean-Shlóivéinis, focal a chiallaíonn: ‘dún beag’. Bunaíodh an chéad áit chónaithe bhuan ag treibheanna Slavacha idir 600 agus 700 AD. San 8ú haois, tháinig na Bavarii agus na Franks chun cónaí leis na treibheanna Slavacha agus thug siad an Chríostaíocht leo. Níorbh fhada gur ghlac na Slavacha le cultúr na dtreibheanna nua agus gur thit siad isteach leis. Is ón mbliain 1128 a thagann an fhianaise dhoiciméadach is luaithe faoin gcathair Graz. Sa bhliain 1379, dhá chéad go leith níos déanaí, bhí Graz mar phríomháit chónaithe na clainne Habsburg agus d’fhan siad ann go dtí an bhliain 1619. Is ó thréimhse na hAthbheochana a dtagann tionchar an deiscirt atá le feiceáil i nGraz inniu. Tháinig ailtirí ón Iodáil [le linn na tréimhse sin] agus dhear siad roinnt de na foirgnimh is cáiliúla sa chathair. Tógadh daingnithe ar an Schlossberg ag an am céanna chomh maith. Cé nár cloídh an daingean ag na na fórsaí namhaid riamh, leagadh é sa bhliain 1809 i ndiaidh threascairt na hOstaire ag saighdiúrí Napoleon. Níor tháinig ach an clogás agus an túr cloig slán. Chaomhnaigh an pobal iad agus sa lá atá inniu ann, is iad na sainchomharthaí is tábhachtaí sa chathair iad

Traidisiún ilchultúrtha

Tá Graz suite in áit ina dtagann go leor traidisiúin chultúrtha le chéile. Tá meascán de thionchar Rómhánúil, Slavacha, Ungáiris agus Gearmánacha-alpach, le feiceáil i ndreach cathrach Graz, agus é léirithe i réimse spreagúil de stíleanna. Seasann samplaí iontacha d’ailtireacht Ghotach, Renaissance, Bharócach, Historicist agus Art Nouveau taobh le taobh le foirgnimh nua-aimseartha. Ba thoradh domhainmhachnaimh na foirgnimh nua-aimseartha seo. Dearadh iad, ní hamháin chun éagsúlacht ailtireachta a chruthú, ach chun comaoin a chur ar an áit freisin. Aithníodh carachtar uathúil an tSeanbhaile go hoifigiúil i 1999 nuair a chuir UNESCO Graz ar a liosta de láithreáin oidhreachta an domhain. Tá an tiomantas seo do shochaí ilchultúrtha chomh láidir is atá sé stairiúil agus is croílár fhéiniúlacht chultúrtha agus pholaitiúil na cathrach é. Sa lá atá inniu ann, is ardán é Graz le haghaidh cruinnithe idirnáisiúnta, idirchultúrtha agus plé idir-reiligiúnach. Sa bhliain 2001 ainmníodh Graz mar phríomhchathair Eorpach um Chearta Daonna ag na Náisiúin Aontaithe, agus i 2003 ba í Graz Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa.

Éagsúlacht Teangacha

Tá Graz tiomanta d’éagsúlacht teangacha. Tá an tIonad Eorpach um Nuatheangacha, bunaithe ag Comhairle na hEorpa chun ilteangachas sna ballstáit a chur chun cinn agus a threisiú, lonnaithe i nGraz. Labhraítear níos mó ná céad is caoga teanga i measc an phobail. Tá réimse leathan teangacha ar fáil sna scoileanna áitiúla freisin agus is féidir leis na daltaí scoile roghnú as cúig cinn déag de theangacha iasachta. Ina theannta sin, tá teagasc na máthairtheanga ar fáil do pháistí imircigh i seacht dteanga dhéag. Tacaíonn Ollscoil Graz le héagsúlacht teangacha freisin. Tá rogha dhá theanga dhéag ar fáil i Scoil an Aistriúcháin agus na hAteangaireachta, i Léann an Bhéarla, i Léann na dTeangacha Rómánsacha agus i Léann Shlavaigh. Tá tionchar ollmhór ag an tiomantas láidir don ilteangachas ar obair ionad teangacha na hollscoile (treffpunkt sprachen) agus is cuid lárnach den teagasc sna hollscoileanna oiliúna múinteoirí é chomh maith. Tá cur chun cinn an ilteangachais i gcroílár an Scoil Dátheangach Graz (GIBS), a spreagann a hiarrachtaí chun teagasc, foghlaim agus cumarsáid i dteangacha éagsúla a chothú. Tá Ionad na hOstaire um Inniúlacht Teanga lonnaithe i nGraz freisin. Tugann an tIonad tacaíocht do nuálaíocht agus d’fhorbairt fhoghlaim agus theagasc na dteangacha san Ostair.


Aistrithe ag: Jessica Gough agus Ríona Ní Churtáin